Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chaith sé tamall ag teagasc obair chloiche agus obair thógála le FÁS. | 00:03:02 | |
J.W. Cunningham – chuaigh Daniel ag obair leis an chonraitheoir sin lena cheadúnas printíseachta a fháil le conraitheoir cláraithe. Chaith sé 6 bliana ag obair leisean agus thug a chuid oibre go Sligeach agus go Co. Liatroma é. Tógáil scoile an chéad jab a d’oibir sé air agus b’ansin a chonaic Daniel bloic don chéad am in áit clocha. D’fhoghlaim sé go gasta le bloic a thógáil agus bhí athrach mór ar an obair thógála anois. | 00:07:54 | |
Phill sé na bhaile nuair a bhí a athair tinn, bhí obair talaimh le déanamh sa bhaile. Bhí barr curtha ag Daniel sular imigh sé agus bhí sé le hamharc ina dhiaidh. D’fhan sé dhá bhliain sa bhaile. | 00:01:25 | |
Chuaigh sé go dtí an Isle of Grain ag obair ar thógáil scaglann ola eile. Bhí na céadta duine ag obair ansin ach ní raibh sé maith le hobair ann nó ní raibh lóistín maith acu ach oiread. | 00:04:50 | |
Phill sé na bhaile agus thosaigh sé ag tógáil tithe sa bhaile. Bhí beirt mac ag obair leis ar feadh blianta. | 00:02:28 | |